Skip to main content

Peirséas (réaltbhuíon) Clár ábhair Príomhghnéithe | Réada suntasacha domhainspéire | Stair is miotaseolaíocht | Réaltaí | Féach fosta | Naisc sheachtracha | Tagairtí | Roghchlár nascleanúnaYale Bright Star CatalogPeirséas ar shuíomh Robin GatterIan Ridpath's Star TalesPeirséas agus miotaseolaíocht an DomhainPeirséas ar shuíomh Richard Dibon-SmithPeoria Astronomical Society: PeirséasThe Deep Photographic Guide to the Constellations: Peirséas

RéaltbhuíontaPages using ISBN magic links


réaltbhuíonMeidiúsaTholamaesAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúntaréalta athraitheachAlgolradaídhreigechithPeirsidíréaltaPeirséasCaiseoipéCeiféasPeigeasasAndraiméidean Míol MórDanaeSéasgorgaineMedusaDictysPolydectesSeriphosHeirméasAtaenean Míol MórPeirséasMaíomh Chaiseoipé












Peirséas (réaltbhuíon)




Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.






Jump to navigation
Jump to search

























Peirséas



Peirséas

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil


Ainm Laidine
Perseus

Ginideach Laidine
Persei
Nod
Per
Siombalaíocht

Peirséas

Dronairde
3 h

Diallas
45°
Achar
615 céim cearnach
Rangú: 24ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
5
Réalta is gile

Mirphak (α Persei)
(méid 1.79)

Dreigecheathanna

  • Peirsidí

  • Peirsidí Mheán Fómhair

Réaltbhuíonta
ar theorainn leis

  • Caiseoipé

  • Andraiméide

  • an Triantán

  • an Reithe

  • an Tarbh

  • an tAra

  • an Sioráf

Infheicthe sna leithid idir +90° agus −35°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig


Is réaltbhuíon thuaisceartach í Peirséas atá ainmnithe as laoch na Gréige a mharaigh Meidiúsa. Is ceann de na 48 réaltbhuíon de chuid Tholamaes í agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Tá an réalta athraitheach cháiliúil dá ngairtear Algol (β Per) le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Agus tá radaí dhreigechith na bPeirsidí suite ar an réaltbhuíon seo chomh maith.




Clár ábhair





  • 1 Príomhghnéithe


  • 2 Réada suntasacha domhainspéire


  • 3 Stair is miotaseolaíocht


  • 4 Réaltaí


  • 5 Féach fosta


  • 6 Naisc sheachtracha


  • 7 Tagairtí




Príomhghnéithe |


Seo iad a leanas cúpla réalta dá cuid:



  • α Per: tá Mirphak ar an réalt is gile ar réaltbhuión Pheirséis; tugtar Algenib uirthi chomh maith (ainm a thugtar ar chúpla réalt eile freisin, mar shampla γ Pegasi). Is ollfhathach í Mirphak (an focal Araibise ar uillinn) ar aicme speictreach F5 Ib agus ar méid dhealraitheach 1.79; tá sí lonnaithe amuigh is istigh 590 solasbhliain i bhfad i gcéin. Tá sí 5,000 uair chomh lonrúil leis an nGrian s’againne, agus tá a trastomhas 62 uair chomh mór le trastomhas na Gréine.

  • Algol (β Per): Cé nach bhfuil an réalta seo ar an réalt is gile de chuid Pheirséis, tá sí ar an réalt is cáiliúla gan amhras. Léiríonn Algol (ón bhfocal Araibise al-Ghul, a chiallaíonn an Gúlan Deamhan) súil na gorgaine Meidiúsa. Aithnítear an réalta seo mar fhréamhshamhail don ghrúpa iomlán réaltaí athraitheacha uraitheacha. Comhathraíonn a gile dhealraitheach idir 2.12 agus 3.39 laistigh de thréimhse 2.867 lá. Tá sí ar aicme speictreach B8 V agus tá sí 93 solasbhliain i bhfad i gcéin.

  • ρ Per:


Réada suntasacha domhainspéire |



  • NGC 869 agus NGC 884 (h agus χ Per): tá an dá réaltbhraisle oscailte seo ar na réada is áille atá le feiceáil ar spéir na hoíche trí dhéshúiligh nó theileascóip bheaga. An Réaltbhraisle Dhúbailte i bPeirséas a thugtar orthu, nó Dorn an Chlaímh. Tá an dá chuid le chéile suite níos mó ná 7,000 solasbhliain i bhfad i gcéin, agus tá cúpla céad solasbhliain idir an dá cheann.

  • M34: tá an réaltbhraisle oscailte seo, atá ar méid chomhtháite 5.5, suite amuigh is istigh 1,400 solasbhliain i bhfad uainn; tá timpeall is céad réalta le feiceáil, agus iad scaipthe ar fhairsinge atá níos mó ná achar na gealaí láine. 14 solasbhliain, nó mar sin, a trastomhas iarbhír. Is féidir M 34 a thaifeach fiú amháin trí dhéshúiligh mhaithe, ach is fearr í a bhreathnú trí theileascóp ar fhormhéaduithe ísle.

  • M76: tugtar Réaltnéal Beag an Triomáin Lúith ar an réaltnéal pláinéadach seo. 65 soicind stua an trastomhas dealraitheach, agus tá an ghile dhealraitheach ar méid 10.1m.

  • NGC 1499: tugtar Réaltnéal California ar an réaltnéal astúcháin seo, a d'aimsigh an réalteolaí Meiriceánach Edward E Barnard sa bhliain 1884-85; is fíorsprioc do lucht na réaltfhótagrafaíochta é. De bharr ísleacht na gile dromchla, is an-deacair an réad seo a bhreathnú go feiceálach.




Stair is miotaseolaíocht |


Faightear Peirséas na miotaseolaíochta mar laoch i gceann de na miotais is cáiliúla de chuid na Sean-Ghréagacha. Má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, léiríonn Peirséas fear agus rud cruinn ar iompar aige fad a láimhe uaidh. Timpeall na réaltbhuíne seo, feictear réaltbhuíonta eile a bhfuil baint éigin acu ó thaobh suímh agus crutha de le bunús roinnt de na miotais faoi Pheirséas: mar shampla Caiseoipé, Ceiféas, Peigeasas,
Andraiméide agus an Míol Mór.


Mac leis an mbean so-mharaithe Danae agus an dia Séas ab ea Peirséas. Chuaigh sé ar lorg cinn na gorgaine Medusa mar bhronntanas pósta do Dictys, deartháir do Polydectes rí Seriphos. (Ní raibh ach seift sa lorg ó thaobh Dictys de, áfach.) Le cúnamh na ndéithe Heirméas agus Ataene, d'éirigh leis an ghorgain a mharú faoi dheireadh agus a ceann a bhreith leis. Ar a shlí abhaile dó, tharrtháil sé Andraiméide (iníon Cheiféis agus Chaiseoipé, a bhí ina rí agus ina banríon na hAetóipe) ó ollphéist mhara (.i. an Míol Mór). Le tuilleadh eolais faoi na miotas seo, féach Peirséas agus Maíomh Chaiseoipé.



Réaltaí |



Féach fosta |


  • Sonraí réaltmhéadracha ag baint le Peirséas


Naisc sheachtracha |


  • Yale Bright Star Catalog

  • Peirséas ar shuíomh Robin Gatter

  • Ian Ridpath's Star Tales

  • Peirséas agus miotaseolaíocht an Domhain

  • Peirséas ar shuíomh Richard Dibon-Smith

  • Peoria Astronomical Society: Peirséas

  • The Deep Photographic Guide to the Constellations: Peirséas


Tagairtí |


  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.





Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes



an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir




Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha

an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir



Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Peirséas_(réaltbhuíon)&oldid=889752"













Roghchlár nascleanúna


























(RLQ=window.RLQ||[]).push(function()mw.config.set("wgPageParseReport":"limitreport":"cputime":"0.048","walltime":"0.064","ppvisitednodes":"value":171,"limit":1000000,"ppgeneratednodes":"value":0,"limit":1500000,"postexpandincludesize":"value":7074,"limit":2097152,"templateargumentsize":"value":532,"limit":2097152,"expansiondepth":"value":3,"limit":40,"expensivefunctioncount":"value":0,"limit":500,"unstrip-depth":"value":0,"limit":20,"unstrip-size":"value":0,"limit":5000000,"entityaccesscount":"value":0,"limit":400,"timingprofile":["100.00% 11.004 1 -total"," 33.77% 3.716 1 Teimpléad:BoscaEolaisRéaltbhuíon"," 23.03% 2.534 1 Teimpléad:RéaltbhuíontaLiostaitheAgTolamaes"," 19.81% 2.180 1 Teimpléad:LiostaRéaltbhuíonta"," 19.39% 2.133 1 Teimpléad:Tagairt_leabhair"],"cachereport":"origin":"mw1303","timestamp":"20190920065012","ttl":2592000,"transientcontent":false););"@context":"https://schema.org","@type":"Article","name":"Peirsu00e9as (ru00e9altbhuu00edon)","url":"https://ga.wikipedia.org/wiki/Peirs%C3%A9as_(r%C3%A9altbhu%C3%ADon)","sameAs":"http://www.wikidata.org/entity/Q10511","mainEntity":"http://www.wikidata.org/entity/Q10511","author":"@type":"Organization","name":"Contributors to Wikimedia projects","publisher":"@type":"Organization","name":"Wikimedia Foundation, Inc.","logo":"@type":"ImageObject","url":"https://www.wikimedia.org/static/images/wmf-hor-googpub.png","datePublished":"2005-06-21T15:22:40Z","dateModified":"2018-04-19T08:47:18Z","image":"https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/0/09/Perseus_constellation_map.png"(RLQ=window.RLQ||[]).push(function()mw.config.set("wgBackendResponseTime":133,"wgHostname":"mw1244"););

Popular posts from this blog

Tamil (spriik) Luke uk diar | Nawigatjuun

Align equal signs while including text over equalitiesAMS align: left aligned text/math plus multicolumn alignmentMultiple alignmentsAligning equations in multiple placesNumbering and aligning an equation with multiple columnsHow to align one equation with another multline equationUsing \ in environments inside the begintabularxNumber equations and preserving alignment of equal signsHow can I align equations to the left and to the right?Double equation alignment problem within align enviromentAligned within align: Why are they right-aligned?

Where does the image of a data connector as a sharp metal spike originate from?Where does the concept of infected people turning into zombies only after death originate from?Where does the motif of a reanimated human head originate?Where did the notion that Dragons could speak originate?Where does the archetypal image of the 'Grey' alien come from?Where did the suffix '-Man' originate?Where does the notion of being injured or killed by an illusion originate?Where did the term “sophont” originate?Where does the trope of magic spells being driven by advanced technology originate from?Where did the term “the living impaired” originate?